Ná bac leis seo

Cén Bhrí Atá Leis an Saol?

Cén Bhrí Atá Leis an Saol?

Freagraíonn an Bíobla

 D’fhéadfaí an cheist faoi bhrí an tsaoil a chur ar bhealaí éagsúla, mar shampla: Cén fáth a bhfuil muid anseo? An bhfuil cuspóir le mo shaol? Léiríonn an Bíobla gurb é ár gcuspóir sa saol cairdeas a chothú le Dia. Déan machnamh ar roinnt de na fírinní bunúsacha atá sa mBíobla.

  •   Is é Dia ár gCruthaitheoir. Deir an Bíobla: “Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.”​—Salm 100:3; Apacailipsis 4:11.

  •   Tá cuspóir ag Dia do gach ní a chruthaigh sé, muidne san áireamh.​—Íseáia 45:18.

  •   Chruthaigh Dia muid le “riachtanas spioradálta,” agus leis an mian atá ionainn brí an tsaoil a bheidh ar eolas againn. Tá Sé ag iarraidh go sásóidh muid an mhian sin.​—Salm 145:16.

  •   Sásaíonn muid ár riachtanais spioradálta trí chairdeas a chothú le Dia. Cé go gceapann roinnt daoine nach bhfuil an coincheap sin réalaíoch, tugann an Bíobla an spreagadh seo dúinn: “Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.”​—Séamas 4:8; 2:23.

  •   Le bheith inár gcara ag Dia, caithfidh muid maireachtáil de réir a chuspóra. Tagraíonn an Bíobla den chuspóir seo i Cóheilit 12:13, deir sé: “Bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.”

  •   Cuireann Dia ar an eolas muid faoi gach a mbaineann lena chuspóir amach anseo. Cuirfidh sé deireadh le gach cineál fulaingt agus tabharfaidh sé an deis maireachtáil go deo dá chairde, iad siúd a thugann adhradh dó.​—Salm 37:10, 11.