Ná bac leis seo

Cruinnithe de Phobail Fhinnéithe Iehova

Faigh eolas faoinár gcruinnithe. Aimsigh ionad in aice leat.

Aimsigh Ionad in Aice Leat (opens new window)

Céard a Bhíonn ar Siúl ag ár gCruinnithe?

Bíonn cruinnithe ag Finnéithe Iehova faoi dhó sa tseachtain chun Dia a adhradh. (Eabhraigh 10:24, 25) Tá fáilte roimh an bpobal ag na cruinnithe seo, áit a ndéanann muid scrúdú ar an méid atá ráite sa Bhíobla agus ar an gcaoi ar féidir linn a theagasc a chur i bhfeidhm inár saol.

Tá formhór ár seirbhísí leagtha amach sa gcaoi is gur féidir páirt a ghlacadh san ábhar atá á phlé, más mian leat. Tosaíonn agus críochnaíonn ár gcruinnithe le hamhrán agus paidir.

Ní gá duit a bheith i d’Fhinné ag Iehova chun freastal ar ár gcruinnithe. Cuireann muid fáilte roimh chách. Tá cead isteach saor in aisce. Ní dhéantar aon bhailiúchán riamh.