Cuimhneachán Bhás Íosa
Dé Luain, 22 Márta 2027
Déanann Finnéithe Iehova comóradh ar bhás Íosa uair sa mbliain, díreach mar a d’ordaigh sé: “Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”—Lúcás 22:19.
Tugann muid cuireadh duit féin agus do do theaghlach freastal ar an ócáid seo.
Ceisteanna Coitianta
Cé aige atá cead a theacht?
Tá fáilte roimh chách. Ná bíodh drogall ort do chairde agus do theaghlach a thabhairt leat.
Cén fhad a bheidh an ócáid?
Thart ar uair an chloig.
Cén áit a mbeidh an ócáid ar siúl?
Déan teagmháil le Finnéithe Iehova le haghaidh sonraí áitiúla.
An mbeidh táille ar an doras?
Ní bheidh.
An ndéanfar aon bhailiúchán?
Ní dhéanfar. Ní thógtar aon bhailiúcháin ag cruinnithe Fhinnéithe Iehova riamh.—Matha 10:8.
An mbeidh gnás feistis ann?
Ní bheidh. Mar sin féin, déanann Finnéithe Iehova iarracht gléasadh ar bhealach a léiríonn meas ar an ócáid naofa seo.
Céard a tharlóidh ag an gCuimhneachán?
Cuirtear tús agus críoch leis an gcruinniú le hamhrán, agus deireann duine d’Fhinnéithe Iehova paidir. Is í an chaint ina ndéantar plé ar thábhacht bhás Íosa agus an chaoi ar féidir linn leas a bhaint as an méid a rinne Dia agus Críost dúinn príomhghné an Chuimhneacháin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an t-alt “Why Do Jehovah’s Witnesses Observe the Lord’s Supper Differently From the Way Other Religions Do?”
Cén uair a thionólfar Cuimhneachán Bhás Íosa amach anseo?
2027: Dé Luain, 22 Márta
2028: Dé Domhnaigh, 9 Aibreán
2029: Déardaoin, 29 Márta

