Íseáia 45:1-25
45 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras,an té ar rug sé ar láimh dheis airchun na ciníocha a leagan ina fhianaiseagus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile;chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteachionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.
2 “Siúlfaidh mise romhat mé féinchun na cnapáin a dhéanamh cothrom.Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis,gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.
3 Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choimatá cnuasta i gcillíní rúin,chun go dtuige tú gur mise an Tiarna,Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d’ainm.
4 Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacóbagus le hIosrael, mo rogha,a ghlaoigh mé i d’ainm ort,ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.
5 Is mise an Tiarna; níl m’athrach eile ann;ach mise amháin, níl aon dia ann.Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam
6 ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréinegur neamhní an uile rud ach mise amháin.”
Is mise an Tiarna; níl m’athrach eile ann;
7 cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas.Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas,is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.
8 A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann,ligeadh na néalta anuas í ina báisteach!Osclaíodh an talamh lena gabháilagus tagadh an slánú aníos ina gheamhar!Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailtatá mise, an Tiarna, lena chruthú!
9 An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire,nó an próca le fear a dhealfa sa chré?An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?”An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
10 Is mairg a deir lena athair: “Cad é seo a ghin tú?”nó lena mháthair: “Cad é a thug tú ar an saol?”
11 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael:“An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne,nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh?
12 Is mise a rinne an talamh,is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air.Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéarthaagus tá ceannas agam ar a slua go léir.
13 An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é,tá an bealach réitithe agam roimhe.Déanfaidh sé mo chathair a atógáilagus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhailegan éiric gan airgead fuascailte,”a deir Tiarna na Slua.
14 Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna:[Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis,muintir Shaba na bhfear mór ard,tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat;siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu.Sléachtfaidh siad i do láthair,agus guífidh siad thú, á rá:“Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann;níl dia eile ann ach é.”
15 Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach,Dia Iosrael, an slánaitheoir.
16 An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu;imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n-íol.
17 Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna,tá sibh slánaithe aige go deo.Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhsear feadh saol na saol go brách.
18 Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna,Cruthaitheoir na spéartha,arb é Dia é,arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é,a chuir bun faoiagus nár chruthaigh in anord éach a rinne áit chónaithe de:“Is mise an Tiarna, níl m’athrach ann.
19 Níor labhair mé i modh rúinná áit éigin i gcríoch dhorcha.Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib:Cuardaígí mé san éagruth.Mise, an Tiarna, labhraím ceartagus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.
20 Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile,sibhse a mhair de na ciníocha!Níl eolas ar bith acu siúda bhfuil a n-íol adhmaid á iompar thart acu,ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhianach bhfuil an slánú ar a chumas.
21 Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair,gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin:Cé a d’fhógair an méid sin roimh ré,nó cé a d’fhoilsigh é ag an am?An ea nach mise, an Tiarna, a rinne?Níl aon dia eile ann ach mé féin,Dia cóir agus Fuascailteoir;níl dada eile ann ach mise amháin.
22 Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe,a chríocha na talún uile,óir is mise Dia, agus níl m’athrach ann!
23 Mionnaim dar mé féin;is í an fhírinne a thagann as mo bhéal,geallúint nach bhfuil dul siar uirthi:‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin,dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’
24 Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine,a thagann bua agus neart!Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu,iad siúd uile a thug a dhúshlán.
25 Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóirag sliocht Iosrael go léir!”