Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 4

Tá Contúirt ag Baint le Fearg

Tá Contúirt ag Baint le Fearg

Bhí go leor páistí ag Ádhamh agus Éabha tar éis dóibh imeacht as gairdín Éidin. Feirmeoir ab ea Cáin, a gcéad mhac, agus aoire ab ea Áibil, a ndara mac.

Lá amháin rinne Cáin agus Áibil ofrálacha d’Iehova. An bhfuil a fhios agat céard é ofráil? Is bronntanas speisialta é a thugtar d’Iehova. Bhí Iehova sásta le bronntanas Áibil, ach ní raibh sé sásta le bronntanas Cháin. Chuir sé seo fearg mhór ar Cháin. Dúirt Iehova le Cáin smacht a fháil ar a chuid feirge sula ndéanfadh sé rud éigin as bealach. Ach níor thug Cáin aon aird air.

Ansin dúirt Cáin le hÁibil: ‘Fág seo amach sa bpáirc in éineacht liom.’ Le linn dóibh a bheith amuigh sa bpáirc, d’ionsaigh Cáin a dheartháir agus mharaigh sé é. Céard a dhéanfadh Iehova faoi seo? Mar phionós ar Cháin, dhíbir Iehova i bhfad ó bhaile é. Ní raibh cead ag Cáin a theacht ar ais ní ba mhó.

Céard atá le foghlaim againn uaidh seo? B’fhéidir go mbeadh fearg orainne freisin, mura n-oibríonn rudaí amach mar ba mhaith linn. Ach má thagann fearg orainn—nó má thugann daoine eile faoi deara go bhfuil fearg orainn agus é a rá linn—ní mór dúinn smacht a fháil ar ár gcuid feirge sula bhfaighidh sí smacht orainn.

De bhrí go raibh grá ag Áibil d’Iehova agus go ndearna sé an rud ceart, ní dhéanfaidh Iehova dearmad air. Tógfaidh Dia ó na mairbh é nuair a dhéanfaidh Sé parthas den talamh.

“Déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála.”—Matha 5:24