Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 59

Ceathrar Buachaillí a Bhí Umhal d’Iehova

Ceathrar Buachaillí a Bhí Umhal d’Iehova

Nuair a thug Nabúcadnazar prionsaí Iúdá go dtí an Bhablóin, chuir sé oifigeach cúirte darbh ainm Aispeanaz i gceannas orthu. Dúirt Nabúcadnazar le hAispeanaz na buachaillí óga is folláine agus is éirimiúla ina measc a roghnú. Chuirfí oiliúint ar na buachaillí seo ar feadh trí bliana, rud a réiteodh iad le bheith ina n-oifigigh thábhachtacha sa mBablóin. Bhí ar na buachaillí foghlaim le teanga na Bablóine a léamh, a scríobh agus a labhairt. Bhíothas ag súil go n-íosfaidís an cineál céanna bia is a d’íosfadh an rí agus a chúirt. Bhí Dainéil, Hanainiá, Míséil agus Azairiá i measc na mbuachaillí sin. Thug Aispeanaz ainmneacha Bablónacha orthu: Béiltiseazar, Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó. An stopfadh an t-oideachas seo iad ó bheith ag tabhairt seirbhís d’Iehova?

Bheartaigh an ceathrar buachaillí seo go mbeidís umhal d’Iehova. Bhí a fhios acu nár chóir dóibh bia an rí a ithe mar, de réir Dlí Iehova, bhí cuid de neamhghlan. Mar sin dúirt siad le hAispeanaz: ‘Ná cuir iallach orainn bia an rí a ithe, más é do thoil é.’ Dúirt Aispeanaz leo: ‘Mura n-íosfaidh sibh an bia agus má fheiceann an rí go bhfuil sibh mífholláin, maróidh sé mise!’

Smaoinigh Dainéil ar phlean. Dúirt sé le hAispeanaz: ‘Tabhair glasraí agus uisce dúinn ar feadh deich lá, más é do thoil é. Ansin déan comparáid idir muidne agus na buachaillí atá ag ithe bia an rí.’ D’aontaigh Aispeanaz leis seo.

Tar éis deich lá, bhí Dainéil agus a thriúr cairde ag breathnú i bhfad níos folláine ná na buachaillí eile go léir. Bhí Iehova sásta go raibh siad umhal dó. Chuir sé ar chumas Dhainéil físeanna agus brionglóidí a thuiscint.

Nuair a bhí an oiliúint thart, thug Aispeanaz na buachaillí go dtí Nabúcadnazar. Labhair an rí leo agus chonaic sé go raibh Dainéil, Hanainiá, Míséil, agus Azairiá níos éirimiúla ná na buachaillí eile go léir. Roghnaigh sé an ceathrar seo le bheith ag obair ina chúirt ríoga. Ba mhinic leis an rí comhairle a iarraidh orthu faoi rudaí tábhachtacha. Rinne Iehova i bhfad níos éirimiúla iad ná na fir feasa agus na draíodóirí go léir a bhí ag an rí.

Cé go raibh siad i dtír iasachta ní dhearna Dainéil, Hanainiá, Míséil, agus Azairiá dearmad riamh ar Iehova. An gcuimhneoidh tusa ar Iehova i gcónaí, fiú mura bhfuil do thuismitheoirí in éineacht leat?

“Ná lig d’aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d’óige ach bí i d’eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.”—1 Tiomóid 4:12