Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 93

Filleann Íosa ar na Flaithis

Filleann Íosa ar na Flaithis

Chas Íosa lena lucht leanúna sa nGailíl. Thug sé ordú an-tábhachtach dóibh: ‘Téigí agus déanaigí deisceabail de dhaoine as gach náisiún. Múinigí dóibh na nithe a mhúin mise daoibhse, agus baist iad.’ Ansin gheall sé dóibh: ‘Cuimhnígí go mbeidh mé in éineacht libh i gcónaí.’

Ar feadh na 40 lá tar éis a aiséirí, thaispeáin Íosa é féin do na céadta dá chuid deisceabal, sa nGailíl agus in Iarúsailéim. Mhúin sé ceachtanna tábhachtacha dóibh agus rinne sé go leor míorúiltí. Ansin chas Íosa lena chuid deisceabal den uair dheireanach ar Chnoc na nOlóg. Dúirt sé leo: ‘Ná fágaigí Iarúsailéim. Fanaigí ann nó go gcomhlíonfar an gealltanas úd, ar chuala sibh mé ag cur síos air.’

Níor thuig na haspail céard a bhí i gceist aige. D’fhiafraigh siad: ‘An mbeidh tú i do Rí ar Iosrael anois?’ Dúirt Íosa: ‘Ní hé seo an t-am atá leagtha síos ag Iehova dom le bheith i mo Rí. Ach go gairid, gheobhaidh sibh cumhacht ón spiorad naomh, agus beidh sibh mar fhinnéithe agam. Téigí agus craobhscaoiligí in Iarúsailéim, in Iúdáia, sa tSamáir, agus ar fud an domhain mhóir.’

Ansin tógadh Íosa suas sa spéir uatha agus thóg scamall as a n-amharc é. D’fhan a chuid deisceabal ag breathnú suas sa spéir, ach bhí sé imithe.

D’fhág na deisceabail Cnoc na nOlóg agus chuaigh siad go hIarúsailéim. Chruinnigh siad le chéile go rialta i seomra uachtarach chun guí. Bhí siad ag fanacht go dtabharfadh Íosa tuilleadh treorach dóibh.

“Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.”—Matha 24:14