Ná bac leis seo

An Bhfuil Ríocht Dé i do Chroí?

An Bhfuil Ríocht Dé i do Chroí?

Freagraíonn an Bíobla

 Níl, ní rud éigin atá i gcroí an duine Críostaí í Ríocht Dé. a Déanann an Bíobla cur síos cruinn ar an áit a bhfuil sí lonnaithe ag tabhairt “ríocht na bhflaitheas” uirthi. (Matha 4:​17) Smaoinigh ar an gcaoi a léiríonn an Bíobla gur fíor rialtas í atá ag rialú ó neamh.

 Ní mhúineann an Bíobla go bhfuil Ríocht na bhflaitheas i do chroí, sé sin go rialaíonn sí i gcroí an duine. Ach, léirítear go bhfuil tionchar ag “briathar na ríochta” nó “dea-scéal seo na ríochta” ar ár gcroí.​—Matha 13:19; 24:14.

Céard a chiallaíonn sé “go bhfuil ríocht Dé in bhur lár”?

 Bíonn mearbhall ar roinnt daoine faoin áit a bhfuil an Ríocht lonnaithe de bharr an bealach a bhfuil Lúcás 17:21 aistrigh i roinnt aistriúcháin den Bhíobla. Mar shampla, in An Bíobla Naofa Maigh Nuad deir sé: “bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” Chun tuiscint a fháil ar an véarsa seo, caithfidh muid breathnú ar chomhthéacs an véarsa.

Ní raibh Ríocht Dé i gcroí an dream a bhí ag cur i gcoinne Íosa agus ag iarraidh é a chur chun báis

 Bhí Íosa ag caint leis na Fairisínigh, grúpa de cheannairí reiligiúnach a raibh fuath acu dó agus a raibh láimh acu ina bhás. (Matha 12:14; Lúcás 17:20) An ndéanann sé ciall go mbeadh an Ríocht ina gcroíthe sin? Dúirt Íosa leo: “Ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d’olcas.”​—Matha 23:27, 28.

 Tugann aistriúcháin eile amach go cruinn an míniú atá le ráiteas Íosa i Lúcás 17:21: “Tá Ríocht Dé anseo leat.” (Contemporary English Version) “Tá Ríocht Dé in bhur measc.” (New World Translation, fonóta) Bhí Ríocht na bhflaitheas i “measc” na bhFairisíneach de bhrí go raibh Íosa, an té a bhí ainmnithe ag Dia chun rialú mar Rí ar an ríocht, ag seasamh os a gcomhair.​—Lúcás 1:​32, 33.

a Múineann go leor reiligiúin go bhfuil Ríocht Dé istigh i gcroí an duine. Mar shampla, sna Stáit Aontaithe, d’fhógair an Southern Baptist Convention go raibh Ríocht Dé i bpáirt “ag rialú istigh i gcroí agus i saol an duine.” Dúirt an Pápa Benedict XVI i leabhar a scríobh sé dár teideal Jesus of Nazareth “tagann Ríocht Dé trí chroí a bhíonn ag éisteacht.”