Ná bac leis seo

An gCónaíonn Dia in Áit ar Leith?

An gCónaíonn Dia in Áit ar Leith?

Freagraíonn an Bíobla

 Cónaíonn. Tá Dia ina chónaí sna flaithis. Tabhair suntas do na sleachta seo leanas ón mBíobla:

 Dúirt Rí Solamh i bpaidir: “Tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d’áitreabh.”—1 Ríthe 8:43.

 Mhúin Íosa Críost dá dheisceabail le guí chuig a “nAthair . . . ar neamh.”—Matha 6:9.

 Tar éis a aiséirí, chuaigh Íosa isteach “sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.”—Eabhraigh 9:24.

 Tugann na sleachta sin le fios dúinn gur fíor phearsa é Iehova Dia agus go gcónaíonn sé ar neamh agus ní in aon áit eile.