Gníomhartha 20:1-38

20  Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh d’fhág sé slán acu agus d’imigh leis go dtí an Mhacadóin.  Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagadh á thabhairt aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann.  Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSír nuair a rinne na Giúdaigh comhcheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin.  Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.  Chuaigh siadsan ar aghaidh romhainn agus d’fhan siad linn i dTróas.  Sheolamarna ó Fhilipí i ndiaidh féile an tSlimaráin agus faoi chionn cúig lá thangamar chucu go Tróas, agus thugamar seacht lá ann.  Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche.  Bhí lampaí go leor ar lasadh sa seomra uachtarach ina rabhamar cruinnithe.  Bhí ógánach darbh ainm Eutachos ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh. 10  Chuaigh Pól síos chuige agus chaith sé é féin air, agus ag breith barróige air, dúirt sé: “Ná bíodh aon bhuairt oraibh! Tá an t-anam ann.” 11  Ansin chuaigh sé in airde arís, bhris an t-arán leo agus chaith sé a chuid. Agus bhí comhrá fada aige leo as sin go maidin. D’imigh sé chun siúil ansin. 12  Thug siadsan an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu. 13  Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asos, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige—mar bhí sé féin le dul ann dá chois. 14  Nuair a bhuail sé linn in Asos, thógamar ar bord é agus thángamar go Mitiléiné 15  agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samos an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Míléatas. 16  Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é. 17  Chuir sé scéala ó Mhíléatas go hEifeasas dá bhrí sin á iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige. 18  Agus nuair a bhí siad tagtha chuige, labhair seo leo mar a leanas. “Tá a fhios agaibh an chuma inar chaith mé gach nóiméad fad a bhí mé in bhur measc ón gcéad lá a leag mé cos lánuiríseal deorach san Áise, 19  go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach cros dár rug orm trí chealga na nGiúdach; 20  nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe; 21  d’fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa. 22  Agus anois, féach, agus mé i mo chime ag an Spiorad táim ag dul suas go Iarúsailéim agus gan a fhios agam céard atá in áirithe dom ann 23  ach amháin go bhfuil an Spiorad Naomh á dhearbhú dom in gach cathair dá dtéim gur géibheann agus piolóidí atá ann i mo chomhair. 24  Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé. 25  “Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibhse mo ghnúis níos mó, sibhse go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na ríochta. 26  Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh, 27  mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine. 28  Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n-aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola. 29  “Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu. 30  Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon d’fhonn deisceabail a mhealladh chucu. 31  Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d’oíche agus na deora i mo shúile. 32  Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir. 33  Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith. 34  Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh. 35  Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháil.” 36  Nuair a bhí an méid sin ráite aige, lig sé é féin ar a ghlúine agus rinne sé guí chun Dé leo go léir. 37  Bhí siad go léir ag gol go fuíoch, iad á gcaitheamh féin ar bhráid Phóil agus á mhúchadh le póga. 38  Is é rud a chuir an chumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge.

Fonótaí