Ná bac leis seo

An Bhfuil an Diabhal Ann?

An Bhfuil an Diabhal Ann?

Freagraíonn an Bíobla

 Tá an Diabhal ann. Is é “prionsa an tsaoil seo” é, agus is neach spioraid é a d’éirigh amach in aghaidh Dé. (Eoin 14:30; Eifisigh 6:11, 12) Tugann na hainmneacha a thugtar ar an Diabhal agus a mbrí léargas dúinn ar a phearsantacht:

  •   Sátan, ainm a chiallaíonn “Namhaid.”—Iób 1:6.

  •   Diabhal, ainm a chiallaíonn “An té a dhéanann clúmhilleadh.”—Apacailipsis 12:9.

  •   Nathair nimhe, ainm a chiallaíonn “Fealltóir” sa mBíobla.—2 Corantaigh 11:3.

  •   Cathaitheoir.—Matha 4:3.

  •   Bréagadóir.—Eoin 8:44.

Ní prionsabal ná tréith urchóideach atá i gceist

 Tá daoine áirithe den tuairim nach pearsa spioraid é Sátan an Diabhal ach gur prionsabal nó tréith urchóideach é atá istigh inár gcroí. Déanann an Bíobla cur síos ar chomhrá a bhí idir Dia agus Sátan. Tá Dia foirfe, agus dá bhrí sin ní fhéadfadh sé gurbh ag comhrá le haon chuid urchóideach dó féin a bhí sé. (Deotranaimí 32:4; Iób 2:1-6) Tá a fhios againn gur chuir Sátan cathú ar Íosa, atá saor ó pheaca. (Matha 4:8-10; 1 Eoin 3:5) Mar sin, léiríonn an Bíobla go bhfuil an Diabhal ann agus nach tréith urchóideach inár gcroí atá i gceist.

 Ar chóir go gcuirfeadh sé iontas orainn nach gcreideann cuid de na daoine sa Diabhal? Níor chóir, mar deir an Bíobla go mbíonn Sátan ag cur an dallamullóg ar dhaoine chun a bhealach féin a fháil. (2 Teasalónaigh 2:9, 10) Cuireann sé ina luí orthu nach bhfuil sé ann, sin é an cleas is mó atá aige.—2 Corantaigh 4:4.

Teagasc neamh-scrioptúrtha maidir leis an Diabhal

Teagasc neamh-scrioptúrtha: Úsáideann Dia Sátan chun daoine a thástáil.

 Teagasc scrioptúrtha: Ní seirbhíseach de chuid Dé é an Diabhal ach a namhaid. Cuireann Sátan an Diabhal in aghaidh seirbhísigh Dé agus cúisíonn sé go héagórach iad.​—1 Peadar 5:8; Apacailipsis 12:10.