Gaeilge
Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoina Bheith ag Cónaí Le Chéile Gan Pósadh?
https://cms-imgp.jw-cdn.org/img/p/500100100/univ/art/500100100_univ_sqr_xl.jpg
ijwbq mír 168

Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoina Bheith ag Cónaí Le Chéile Gan Pósadh?

Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoina Bheith ag Cónaí Le Chéile Gan Pósadh?

Freagraíonn an Bíobla

 Deir an Bíobla gurb é toil Dé é “go seachnódh sibh an drúis.” (1 Teasalónaigh 4:3) De réir an Bhíobla, tá adhaltranas, homaighnéasacht, agus caidreamh collaí idir fear agus bean nach bhfuil pósta i gceist le “drúis.”

 Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach i súile Dé go mbeadh lánúin pósta?

  •   Tagann socrú an phósta ó Dhia. Bhunaigh sé an pósadh nuair a thug sé an chéad lánúin le chéile. (Geineasas 2:22-24) Ní raibh sé ar intinn aige fear agus bean a bheith ag cónaí le chéile gan a bheith pósta.

  •   Tá a fhios ag Dia céard a théann chun tairbhe don duine. Bhunaigh sé an pósadh le bheith ina cheangal buan idir fear agus bean, rud a rachadh chun sochair dóibh agus a chosnódh gach ball den teaghlach. Míneoidh muid é ar bhealach simplí. Díreach mar a thagann treoracha ó dhéantóir troscáin chun troscán a chur le chéile i gceart, tugann Dia treoracha dúinn le caidreamh teaghlaigh rathúil a chothú. Téann caighdeáin Dé chun tairbhe i gcónaí dóibh siúd a leanann iad.—Íseáia 48:17, 18.

    Tugann déantóir troscán treoracha duit chun píosa troscán a chur le chéile. Tugann Dia treoracha dúinn le teaghlach rathúil a chothú

  •   Is féidir le drochthoradh a bheith ar chaidreamh collaí taobh amuigh den phósadh. Mar shampla, d’fhéadfadh duine a bheith ag súil le páiste nach raibh pleanáilte, galar gnéas-tarchurtha a thógáil, agus mothúcháin ghoilliúnacha a bheith mar thoradh ar seo.

  •   Chuir Dia ar chumas fear agus bean clann a shíolrú trí chaidreamh collaí a bheith acu. Tá an bheatha dhaonna luachmhar i súile Dé, agus is bronntanas luachmhar é a bheith in ann clann a shíolrú. Tá Dia ag iarraidh orainn ómós a léiriú don bhronntanas sin trí ómós a léiriú don phósadh.—Eabhraigh 13:4.

 Céard faoi lánúin a bheith ag cónaí le chéile gan pósadh chun a fháil amach an bhfuil siad oiriúnach dá chéile?

 Ní hé “an tréimhse thrialach” a thugann deis do cheachtar den lánúin fágáil, an chaoi is fearr le pósadh rathúil a chothú. Seachas sin, bíonn rath ar chaidreamh ina mbíonn an bheirt tiomanta go láidir dá chéile agus ag oibriú lena chéile chun fadhbanna a shárú. a Neartaíonn an pósadh dúthracht.—Matha 19:6.

 Cén chaoi ar féidir le lánúin, pósadh láidir a chothú?

 Níl aon phósadh foirfe. Ach, is féidir le lánúin pósadh maith a chothú trí phrionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm. Seo a leanas roinnt samplaí:

a Féach an t-alt “Successful Families—Commitment.”