Gaeilge
Ar Thuar an Bíobla an Bealach a Smaoiníonn agus a Ghníomhaíonn Daoine Inniu?
https://cms-imgp.jw-cdn.org/img/p/500100118/univ/art/500100118_univ_sqr_xl.jpg
ijwbq mír 185

Ar Thuar an Bíobla an Bealach a Smaoiníonn agus a Ghníomhaíonn Daoine Inniu?

Ar Thuar an Bíobla an Bealach a Smaoiníonn agus a Ghníomhaíonn Daoine Inniu?

Freagraíonn an Bíobla

 Thuar an Bhíobla go rachadh daoine chun donas lenár linnse. Thug an Bíobla le fios go ndiúltódh formhór na ndaoine d’ardchaighdeáin mhorálta agus do na luachanna sóisialta a chuidíonn le daoine cónaí le chéile go suaimhneach. a (2 Tiomóid 3:1-5; NWT) Ach tuaradh freisin nach ngéillfeadh cuid de na daoine de na tréithe nó na cleachtais dhiúltacha sin. Le cúnamh ó Dhia d’oibreoidís chun tionchair dhiúltacha a shárú agus chun a gcuid smaointeoireachta agus a ngníomhartha a riar de réir a thola.—Íseáia 2:2, 3.

San alt seo

 Céard a thuar an Bíobla faoi smaointeoireacht agus faoi ghníomhartha an duine sa lá atá inniu ann?

 Déanann an Bíobla cur síos ar thréithe éagsúla agus gníomhartha diúltacha a bheadh coitianta sa lá atá inniu ann, de bharr leithleachas an duine. Deir sé nach mbeidh “smacht ná riail” ar dhaoine, go mbeidh siad “ar mhaithe leo féin” agus “gur fearr leo an pléisiúr ná Dia.”—2 Tiomóid 3:2-4; NWT.

 Díreach mar atá ráite sna scrioptúir sin, níl daoine inniu ach ag cuimhniú ar an rud a fheileann iad féin agus an rud a rachaidh chun tairbhe dóibh féin. Tá na tréithe seo chomh coitianta inniu is go bhfuil grúpaí ann ar a dtugtar an ‘Me Me Me Generation.’ Tá go leor daoine chomh tógtha leo féin is go bhfuil siad “gan grá . . . don mhaith” ag sarú a gcumas grá a bheith acu do dhea-thréthe. De bhrí go bhfuil siad “míbhuíoch,” mothaíonn siad nach gá a mbuíochas a chuir in iúl as a bhfuil acu nó as a ndéanann daoine eile dóibh.—2 Tiomóid 3:2, 3; NWT.

 Is é leithleachas an duine is cúis le hearcthaí eile a bhí tuartha sa mBíobla don lá atá inniu ann:

  •   Santach. Tá “grá . . . don airgead” agus do mhaoin shaolta coitianta inniu—rud a léiríonn dár le cuid de na daoine, cé chomh maith is atá ag éirí leo sa saol.—2 Tiomóid 3:2; NWT.

  •   Uaibhreach. Tá go leor daoine “gaisciúil, uaibhreach,” agus “lán díobh féin.” (2 Tiomóid 3:2, 4; NWT) Bíonn a leithéid ag déanamh gaisce agus ag cur lena gcumas, lena gcáilíochtaí nó lena saibhreas.

  •   Clúmhillteach. Tá daoine ‘maslacha’ ‘clúmhillteacha’ go forleathan. (2 Tiomóid 3:2, 3) Is féidir leis na tréithe seo tagairt a dhéanamh dóibh siúd a mhaslaíonn daoine eile nó Dia nó a chuireann bréaga ina leith.

  •   Ceanndána. Tá go leor daoine “mídhílis,” níl siad sásta “a theacht ar aon aontú,” ina ‘bhfealltóirí,’ “ceanndána.” (2 Tiomóid 3:2-4) Léiríonn siad na tréithe sin nuair a dhiúltaíonn siad a theacht ar chomhaontú, nó a gcuid gealltanais a choinneáil.

  •   Foréigneach. Tá go leor daoine “fíochmhar” inniu ag géilleadh don fhearg, rud a fhágann eachtraí brúidiúlacha agus foréigneacha.—2 Tiomóid 3:3; NWT.

  •   Ní bheidh aon aird ar an dlí. Thuar Íosa go mbeadh “an t-olcas . . . ag fás” lenár linnse. (Matha 24:12) Thuar sé freisin go mbeadh ‘ceannaircí,’ nó daoine ‘ag éirí amach’ in aghaidh seo nó siúd.—Lúcás 21:9.

  •   Beidh grá teaghlaigh in easnamh. Dé bhrí go bhfuil an oiread sin daoine óga “easumhal dá dtuismitheoirí” agus go bhfuil cion nó ‘nádúr [teaghlaigh] fágtha ar láir’ tá méadú tagtha ar mhí-úsáid, agus ar fhoréigean teaghlaigh.—2 Tiomóid 3:2, 3.

  •   Creideamh bréagchráifeach. Tá “comharthaí sóirt na cráifeachta” ag cuid mhaith daoine. (2 Tiomóid 3:5) Ach seachas géilleadh do thoil Dé, leanann siad ceannairí reiligiúnacha a bhíonn ag moladh leo.—2 Tiomóid 4:3, 4.

 Cén tionchar a bheadh ag daoine atá ar mhaithe leo féin ar dhaoine eile?

 De bhrí go bhfuil go leor daoine an-leithleasach, tá níos mó daoine ná riamh ag fulaingt ó fhadhbanna meabhracha agus mothúcháin phianmhara eile. (Cóheilit 7:7) Mar shampla, cuireann daoine a bhfuil dúil acu san airgead lena gcuid trí chaimiléireacht. Is féidir le daoine nach bhfuil aon nádúr iontu mí-úsáid a bhaint as baill teaghlaigh, rud a d’fhéadfadh na baill teaghlaigh sin a fhágáil in ísle brí nó ag smaoineamh ar lámh a chur ina mbás féin. Agus déanann gach fealltóir nó duine mídhílse dochar do mhothúcháin an duine a ndéantar feall air.

 Cén fáth go rachaidh daoine i gcoitinne chun donais?

 Míníonn an Bíobla na bunchúiseanna leis an athrú a thiocfadh ar dhaoine:

  •   Tá grá do Dhia agus do chomharsan ag dul i léig. (Matha 24:12) De réir a chéile tá méadú ag teacht ar an leithleachas.

  •   Caitheadh Sátan an Diabhal síos chun na talún. (Apacailipsis 12:9, 12) Ó shin i leith, tá méadú tagtha ar a dhrochthionchar leithleasach ar shaol an chine daonna.—1 Eoin 5:19.

 Cén chaoi ar cheart dúinn déileáil leis na hathruithe diúltacha i ndaoine?

 Deir Briathar Dé: “Fan amach ó na daoine sin.” (2 Tiomóid 3:5, Easy-to-Read Version) Ní chiallaíonn sé seo gur cheart dúinn fanacht amach ó chuile daoine. Ina áit sin, ní cheart dúinn dlúthchairdeas a chothú le drochdhaoine.—Séamas 4:4.

 An rachaidh gach duine chun donais?

 Ní rachaidh. Tá sé tuartha sa Bhíobla go mbeadh daoine ann a “osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na heachtraí gránna uile a bhíonn ar siúl.” (Eizicéil 9:4) Dhiúltóidís don leithleasach agus dhéanfaidís a saol a threorú de réir chaighdeáin Dé. Bheadh difríocht shuntasach idir a gcuid comhrá agus gníomhartha agus comhrá agus gníomhartha dhaoine i gcoitinne. (Malaicí 3:16, 18) Mar shampla, dhéanfaidís iarracht an tsíocháin a choinneáil le gach duine agus dhiúltódh siad do chogaí agus don fhoréigean.—Míocá 4:3.

 An mbeidh an domhan trína chéile ar fad sa deireadh?

 Ní bheidh. Ní éireoidh cúrsaí chomh dona is nach mbeidh ann ach mí-ord agus foréigean. Cuireadh Dia deireadh go luath leis na daoine a roghnaíonn a chuid caighdeáin a shárú. (Salm 37:38) Bunóidh sé “domhan [nó talamh] nua,” tiocfaidh sochaí nua daonna chun cinn anseo ar an talamh—sochaí ina mbeidh daoine suaimhneacha ag maireachtáil go síochánta go deo. (2 Peadar 3:13; Salm 37:11, 29) Ní fantaisíocht é an dóchas seo. Fiú amháin anois, tá an Bíobla ag cabhrú le daoine a saol a athrú ionas go mbeidh sé ar aon dul le bealaí cearta Dé.—Eifisigh 4:23, 24.

a Feictear ó thairngreachtaí an Bhíobla agus ó na rudaí atá ag tarlú ar an domhan go bhfuil muid ag maireachtáil “sna laethanta deireanacha,” a bheadh á n-aithint ag amanna “criticiúla” nó “contúirteach.” (2 Tiomóid 3: 1; NWT) Le haghaidh tuilleadh eolais, féach “What Is the Sign of ‘the Last Days,’ or ‘End Times’?