Salm 98:1-9

Salm. 98  Canaigí amhrán úr don Tiarna,óir rinne sé éachtaí.Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa,rug sé bua dó féin.  D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú;nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.  Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílsedo theaghlach Iosrael.Chonaic críocha uile na cruinneslánú ár nDé.  Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,agus nochtaigí bhur n-áthas dó.  Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruitagus le fuaim na cláirsí.  Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhaircedon Tiarna, ár Rí.  Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl,an domhan agus a maireann ann.  Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos;déanadh na sléibhte sult,  i bhfianaise an Tiarna atá ag teachta rialú na cruinne.Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir,agus na ciníocha go cothrom.

Fonótaí