Salm 97:1-12

97  Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh;bíodh lúcháir ar na hinsí go léir.  Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall;ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.  Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó,agus í ag loscadh a naimhde de gach leith.  Soilsíonn a splancacha an chruinne;creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.  Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarachi bhfianaise Thiarna na cruinne.  Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.  Go raibh náire ar lucht adhartha na n-íomhánna,a bhíonn ag maíomh as a n-íola gan tairbhe;umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.  Cloiseann Síón agus líonann sí d’áthas,agus tá lúcháir ar chathracha Iúdáas ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.  Óir is tú an Tiarna go dearfain ardréim os cionn na cruinne,agus os cionn na ndéithe go léir. 10  Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc;déanann sé anamacha a naomh a chosaint,á bhfuascailt ó láimh na n-éagráifeach. 11  Tá solas á nochtadh don fhíréan,agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh. 12  Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.

Fonótaí