Salm 95:1-11

95  Téanam agus canaimis don Tiarna;déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.  Druidimis ina láthair le haltú buíochais;déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.  Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna;is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.  Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne,agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.  Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í;agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.  Téanam, go n-adharfaimis agus go sléachtfaimis;feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.  Óir is é ár nDia é, agus is sinnepobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.  Á, dá n-eistfeadh sibh inniu lena ghlór:“Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá,nó an lá úd ag Masá san fhásach  mar a ndearna bhur n-aithreacha mo phromhadh,do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta. 10  Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sinagus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd;is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’ 11  Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m’fheargnach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.”

Fonótaí