Salm 92:1-15

Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide. 92  [92:2] Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna,agus ceol a dhéanamh do d’ainm, a Neach is Airde,  [92:3] d’fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin,agus do dhílse i dtráthanna na hoíche,  [92:4] le ceol na cruite agus na cláirsí;mar aon le ceadal na lire.  [92:5] Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna;déanaim gairdeas in oibreacha do lámh.  [92:6] Nach éachtach iad d’oibreacha, a Thiarna!nach domhain iad go dearfa do smaointe!  [92:7] Ní aithníonn fear na díchéille,ná ní thuigeann an t-amadán an ní seo.  [92:8] Cé go n-eascraíonn na héagráifigh mar fhéar,agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth,  [92:9] níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách;ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor.  [92:10] Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna,agus scaipfear na hurchóidigh go léir. 10  [92:11] Thug tú dom neart an daimh allta,agus dhoirt tú ola úr orm anuas. 11  [92:12] D’fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde;chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha. 12  [92:13] Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme;fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine. 13  [92:14] Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh,beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé. 14  [92:15] Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh,agus iad go húrghlas i gcónaí, 15  [92:16] a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna;mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann.

Fonótaí