Salm 91:1-16

91  An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde,a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,  deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú;mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”  Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera,ós é atá [ar tí do mhillte].  Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga,agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.  Ní eagal duit uamhan na hoíche,ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,  ná an phlá a thriallann sa dorchacht,ná an sciúirse a mhilleann um nóin  Ar a shon go dtitfeadh míle le d’ais,agus deich míle ar do dheis,ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire,óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.  Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall,chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.  Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!”agus a rinne caiseal den Neach is Airde. 10  Ní thiocfaidh aon urchóid i d’aice,ná aon phlá i gcóngar do bhotha, 11  Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh:tú a chosaint i do shlite go léir. 12  Iompróidh siad thú lena lámhasula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche. 13  Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair;gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan. 14  De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh,agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m’ainm. 15  Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d’fhochair.”Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha. 16  Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó;agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.

Fonótaí