Salm 90:1-17

Achainí Mhaois, giolla Dé. 90  A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn,ár ndídean ó ghlúin go glúin.  Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte,sular rugadh an talamh agus an chruinne,is tú Dia gan tús gan deireadh.  Déanann tú deannach arís den duineá rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”  Óir níl míle bliain i d’fhianaiseach mar an lá a d’imigh tharainn inné,nó mar a bheadh faire na hoíche.  Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling,nó mar fhéar úrghlas na maidine.  Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sébaintear é agus feonn sé um thráthnóna.  Táimid dár gcnaí go dearfa le d’fhearg;scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.  Chuir tú ár n-urchóidí os do choinne,ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.  Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn;cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna. 10  Seachtó bliain suim ár saolré;nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte.Saothar agus stró a sealsan;imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn. 11  Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge;cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile? 12  Múin dúinn giorra shaoil an duinechun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí. 13  Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach?Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna. 14  Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn,go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo. 15  Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn;i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc. 16  Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh;agus do chlú is do chumhacht do do chlann. 17  Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainnagus go soirbhí tú saothar ár lámh;sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!

Fonótaí