Salm 86:1-17

Achainí Dháiví. 86  Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom,óir tá mé go dearóil dealbh.  Déan m’anam a chosaint óir is dílis mé;fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.  Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.  Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,óir is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna.  Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.  Éist le m’urnaí, a Thiarna;tabhair aire do ghlór mo ghuí.  Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha;de bhrí go n-éisteann tú liom.  Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna;ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.  Na ciníocha go léir a rinne tú,tiocfaidh siad do d’adhradh, a Thiarna;agus déanfaidh siad d’ainm a fhógairt. 10  Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha;is tú amháin is Dia ann. 11  Múin do shlí dom, a Thiarna;i dtreo go siúlfainn i d’fhírinne;agus déan mo chroí a dhíriú,i dtreo gurab eagal liom d’ainm. 12  Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia;agus molfaidh mé d’ainm go brách. 13  Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm;sciob tú m’anam leat ó dhuibheagán ifrinn. 14  D’éirigh lucht díomais i m’éadan, a Dhia,tá drong gan trua ar thoir m’anama,drong nach bhfuil aird acu ortsa. 15  A Thiarna Dia na trua agus na taise,ar deacair thú a spreagadh chun feirge,agus atá lán de ghrá agus d’fhírinne: 16  Féach orm agus bíodh trua agat dom.Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna,agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh. 17  Tabhair dom comhartha do cheanago bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú,toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.

Fonótaí