Salm 76:1-12

Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán. 76  [76:2] Tá aithne ar Dhia in Iúdá;tá a ainm in airde in Iosrael.  [76:3] I Sailéim atá a bhothagus i Síón a áras cónaithe.  [76:4] Is ann a bhris sé na saigheada lonracha –an sciath is an claíomh is an trealamh troda.Selah  [76:5] Is solasmhar maorga thú, a Thiarna;is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].  [76:6] Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh,codlaíonn siad ina dtoirchim suain;tá lucht na lámh láidir gan taca.  [76:7] A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrachrinneadh staic de charbaid agus d’eachra.  [76:8] Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d’éadan;nuair a bhíonn racht róbhuile ort?  [76:9] Nuair a thug tú breithiúnas ó neamhghabh critheagla an talamh agus thost sé.  [76:10] Nuair a d’éirigh Dia a thabhairt breithiúnais,a tharrtháil daoine ísle na cruinne.Selah 10  [76:11] Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh;déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit. 11  [76:12a] Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia – 12  [76:12b] an té a bhaineann an t-anam as taoisighgur uafásach le ríthe na cruinne é.

Fonótaí