Salm 75:1-10

Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Salm Ásáf. Amhrán. 75  [75:2] Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia;gabhaimid buíochas leat; agraímid d’ainmagus déanaimid d’éachtaí a fhógairt.  [75:3] “An uair a shocróidh mé féintabharfaidh mé breith de réir an chirt.  [75:4] Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil annis mé a dhaingnigh a cholúin.  [75:5] Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’;agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,  [75:6] ná déanaigí gaisce as bhur neart,ná labhraigí go dolba dána.”  [75:7] Óir ní ón aird anoir ná aniar,ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;  [75:8] is é Dia féin an breitheamh;umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.  [75:9] Tá cupán d’fhíon dearg ag an Tiarna;spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil.Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh;diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é.  [75:10a] Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo;canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. 10  [75:10b] Brisfidh mé cumhacht lucht an oilcagus ardófar na fíréin i gcumhacht.

Fonótaí