Salm 63:1-11
Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.
63 [63:2] A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,tá íota tharta ar m’anam chugat.Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leatamhail talamh túr tirim gan uisce.
2 [63:3] Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofad’fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.
3 [63:4] De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,canfaidh mo bheola do mholadh.
4 [63:5] Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thúagus ardóidh mé mo lámha i d’ainmse.
5 [63:6] Líonfar m’anam mar a líonfaí le fleá é,agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.
6 [63:7] I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;
7 [63:8] óir ráinig tú i do chúntóir agam,agus gairdím faoi scáth do sciathán.
8 [63:9] Tá m’anam ag cloí go dlúth leat,agus coinníonn do dheaslámh suas mé.
9 [63:10] An dream atá ar tí m’anama chun a scriosta,rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.
10 [63:11] Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iadagus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.
11 [63:12] Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas,agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean,ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.