Salm 61:1-8
Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví.
61 [61:2] Éist le mo ghlao, a Dhia;tabhair cluas do m’urnaí!
2 [61:3] Glaoim ort ó chríocha na cruinnenuair a chliseann mo chroí.Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi,cuir mé in airde, a Dhia,
3 [61:4] óir is tú mo dhún is mo dhaingeanin aghaidh an namhad.
4 [61:5] Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuballgo brách na breithe,chun go bhfaighe mé díon agus dídeanfaoi scáth do sciathán.Selah
5 [61:6] Óir d’éist tú le mo mhóideanna, a Dhia;thug tú dom oidhreacht an dreamaarb eagal leo d’ainm.
6 [61:7] Cuir fad le saol an rí;go maire sé choíche!
7 [61:8] Go raibh a réim go brách na breithei bhfianaise Dé.Cuir trócaire ghrámhar agus dílseuait amach, á chaomhnú,
8 [61:9] agus molfaidh mé d’ainm go brách;díolfaidh mé mo mhóideanna gach aon lá.