Salm 58:1-11
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Mictam Dháiví.
58 [58:2] An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta?an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine?
2 [58:3] Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroítheagus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.
3 [58:4] Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.
4 [58:5] Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe;le nimh na nathrach a chalcann a cluasa
5 [58:6] d’eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóranó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.
6 [58:7] Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia;stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.
7 [58:8] Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána,go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.
8 [58:9] Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de,amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.
9 [58:10] Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseogsciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.
10 [58:11] Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltasagus nífidh sé a chosa i bhfuil na n-urchóideach.
11 [58:12] Déarfar: “Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair;tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.”