Salm 57:1-11

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól. 57  [57:2] Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agatóir is ort atá tarraingt m’anama.Ar scáth do sciathán atá mo thriallnó go dtéann an anachain seo tharam.  [57:3] Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde:ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.  [57:4] Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh;go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta,go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.  [57:5] Tá m’anam ina luí i measc leona d’alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos.Is sleánna agus saigheada a bhfiacla,is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.  [57:6] Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!  [57:7] Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa;rinneadar mé a ísliú.Thochail siad clais romham amach;ach thit siad féin inti.  [57:8] Tá mo chroí go daingean, a Dhia;tá mo chroí go daingean.Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.  [57:9] Múscail, a anam liom!Músclaígí, a chláirseach is a chruit!Músclóidh mé féin an maidneachan.  [57:10] Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna:molfaidh mé thú i measc na náisiún. 10  [57:11] Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheasagus do dhílse chun na spéartha. 11  [57:12] Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir.

Fonótaí