Salm 54:1-7
Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví [54:2] nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”
54 [54:3] Slánaigh mé a Dhia, le d’ainm;déan mo chúis a agairt le do neart.
2 [54:4] Éist, a Dhia, le m’urnaí,tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.
3 [54:5] Óir d’éirigh lucht an díomais amach i m’éadan,agus tá daoine gan trua ar thóir m’anama;níl aird dá laghad acu ar Dhia.Selah
4 [54:6] Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm;tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam.
5 [54:7] Fillfidh an t-olc ar mo naimhde;díothaigh iad as ucht do dhílse.
6 [54:8a] Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar,agus molfaidh mé d’ainm toisc gur maith é.
7 [54:8b] Óir d’fhuascail tú ón uile thrioblóid méionas go bhfaca mé mo naimhde á dtreascairt.