Salm 5:1-12
Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.
5 [5:2] Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,agus éist le m’osna.
2 [5:3] Claon chun glór mo ghuí,a Rí liom is a Dhia!
3 [5:4] Óir is chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna;éisteann tú liom ar maidin.Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,cuirim chugat mo ghuí.
4 [5:5] Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:ní mhaireann an t-olc leat.
5 [5:6] Ní sheasfaidh an scaothaire an fódos comhair do shúl.
6 [5:7] Is gráin leat lucht oibrithe an oilc;scriosann tú lucht éithigh.Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteachagus an cealgaire claon.
7 [5:8] Rachadsa cheana i do theachsatrí líonmhaire do thrócaire;cromfaidh mé i do theampall naofale heagla romhat, a Thiarna.
8 [5:9] Treoraigh mé a Thiarna, i d’fhíréantachtmar gheall ar mo naimhde;réitigh do shlí romham.
9 [5:10] Níl an fhírinne le fáil ina mbéal;tá cealg ina gcroí.Is uaigh ar leathadh a gcraos;is mealltach a dteanga.
10 [5:11] Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna;go dteipe ar a mbearta;cuir an ruaig orthu de dheasca a gciontaóir d’éirigh siad i d’éadan.
11 [5:12] Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat;gairdídís go brách;caomhnaigh an dream lenarb áil d’ainmchun go ndéana siad gairdeas ionat.
12 [5:13] Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna;beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.

