Salm 48:1-14
Amhrán. Salm chlann Chorach.
48 [48:2] Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór éi gcathair ár nDé.
2 [48:3] Is álainn an cnoc é a shliabh naofa,áthas an domhain uile.Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirtcathair an ArdRí.
3 [48:4] Chruthaigh Dia i lár a dúntabheith ina dhaingean sábháilte.
4 [48:5] Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéilegur ionsaigh siad in éineacht.
5 [48:6] Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
6 [48:7] Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,amhail tinneas clainne;
7 [48:8] mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadhloingeas Thairsís.
8 [48:9] Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamari gcathair ár nDé;i gcathair Thiarna na sluaa dhaingnigh Dia go deo.
9 [48:10] Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,i gceartlár do theampaill.
10 [48:11] Leathann do mholadh, ar nós d’ainm, a Thiarna,go críocha na cruinne.Is lán do dheaslámh d’fhíréantacht;
11 [48:12] gairdíonn Cnoc Shíón.Tá áthas ar iníonacha Iúdáde bharr do bhreithiúnais.
12 [48:13] Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeallcomhairigí a túir.
13 [48:14] Breathnaigí a rampair chosanta;scrúdaigí a dúnfoirt,go n-inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:
14 [48:15] is mar sin dár nDia.Is é ár nDia é go brách na breitheagus ár dtreoraí go deo.

