Salm 45:1-17

Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí ...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá. 45  [45:2] Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal.Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí;ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.  [45:3] Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huileagus doirteadh an grásta amach ar do bheolatoisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.  [45:4] Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeachar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.  [45:5] [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.  [45:6] Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.Tá naimhde an rí ar díth a meanman.  [45:7] Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.  [45:8] Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais. Is uime sin a rinne Dia – do Dhia féin – thú a ungadhle hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.  [45:9] Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d’éadaí;seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.  [45:10] Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír. 10  [45:11] Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom;cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d’athar. 11  [45:12] Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d’áilleacht;eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó. 12  [45:13] Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat’s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte. 13  [45:14] Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe, 14  [45:15] agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha.Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta. 15  [45:16] Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeasnuair a ghabhann siad isteach in áras an rí. 16  [45:17] In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat;ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne. 17  [45:18] Beidh cuimhne ar d’ainm go brách de bharr an dáin seoagus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe.

Fonótaí