Salm 39:1-13
Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.
39 [39:2] Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlitesula ndéana mé peaca le mo theanga.Cuirfidh mé srian le mo bhéalnuair a bheidh an t-éagráifeach os mo choinne.”
2 [39:3] Bhí mé balbh agus d’fhan mé i mo thost,bhí éad orm de dheasca a rathúnais.
3 [39:4] Bhí mo chroí go te ionam istigh;las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,agus leis sin labhair mo theanga.
4 [39:5] Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,nocht dom líon mo laethanta,ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
5 [39:6] Is gairid an seal a thug tú dom,is neamhní mo ré shaoil i d’fhianaise.Níl i neach dá maireann ach puth anála
6 [39:7] agus gabhann an duine seacha mar scáil.Gal gaoithe a shaibhreas go léir;ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.
7 [39:8] Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?is ionat atá mo dhóchas ar fad.
8 [39:9] Saor mé ó mo chionta go léir,ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.
9 [39:10] Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéalde bhrí gur tusa faoi deara é.
10 [39:11] Tóg uaim anois do sciúirse;tá mé cloíte ag buillí do láimhe.
11 [39:12] An uair a smachtaíonn tú an duinele hachasán i ngeall ar a pheacaleánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis;níl in aon neach ar bith ach puth anála.
12 [39:13] Éist le mo ghuí agus le m’urnaí, a Thiarna,ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsai m’oilithreach ar nós m’aithreacha go léir.
13 [39:14] Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneassula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann.