Salm 35:1-28

[Salm le] Dáiví. 35  Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.  Gabh chugat do sciath agus do lúireach,agus éirigh do mo chúnamh.  Beartaigh an ga agus [an tsleá]in aghaidh lucht mo thóraíochta.Abair le m’anam, a Thiarna:“Is mise do shlánú.”  Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dreamatá ar tí mo mharaithe.Go gcuirtear ar gcúl faoi náirelucht beartaithe oilc i m’aghaidh.  Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthuamhail cáith roimh an ngaoth;  go raibh a slí go sleamhain dúdhorchaagus aingeal Dé ar a dtí.  Leathadar a líon dom gan chúis:rinneadar uaigh dom gan ábhar.  Go dtaga orthu díothú gan choinne;go gceaptar iad féinsa líon a chuir siad i bhfolach romham.Go dtite siad sa chlais.  Déanfaidh m’anamsa lúcháir sa Tiarna:déanfaidh mé gairdeas ina shlánú. 10  Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:“Cé is cosúil leat, a Thiarna,an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear,an duine dealbh ón tíoránach?” 11  Éiríonn finnéithe bréige i m’éadando mo cheistiú ach mé aineolach. 12  Díolann siad an t-olc in aghaidh na maithe liom:tá m’anam go brónach. 13  Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm;chiapas m’anam le troscadh.Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn 14  ar dheartháir liom nó cara;mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar,bhí mé crom le cumha. 15  Ach anois, ó tá mé san fhaopachcruinníonn siad faoi áthas.Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh,’s iad ag tromaíocht gan scíth orm. 16  Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh,is a bhfiacla ag díoscán i m’aghaidh. 17  Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna?Tar agus fóir orm!Déan m’anam a fhuascailt óna n-ionsaithe;m’anam ó na leoin. 18  Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil;molfaidh mé thú sa slua. 19  An dream atá ina naimhde gan chúis dom,nár dhéana siad gairdeas umam.Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth,nár chaocha siad a súile orm. 20  Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre:cumann siad cealg ina n-aghaidh. 21  Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu:“Há, há! Nach bhfacamar féin é!” 22  Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost;ná bí i bhfad uaim, a Thiarna! 23  Múscail! agus brostaigh chun mo chosantaa Dhia liom; a Thiarna bí liom. 24  Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna;ná maídís a mbua orm, a Dhia. 25  Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!”Ná habraidís: “Shlogamar siar é!” 26  An dream lenarb áil mo dhochar,go raibh náire is míchlú orthu!Go gclúdaítear le heasonóir is le haithislucht maíte i m’éadan. 27  Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte,agus abraidís gan sos:“Moladh leis an Tiarna lenarb áilsonas a sheirbhísigh!” 28  Agus foilseoidh mo theanga d’fhíréantachtagus do mholadh ar feadh an lae.

Fonótaí