Salm 34:1-22
[Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.
34 [34:2] Beannóidh mé an Tiarna i dtólamhbeidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.
2 [34:3] Bíonn m’anam ag déanamh mórtais as an Tiarna:éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.
3 [34:4] Móraigí an Tiarna mar aon liom:tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.
4 [34:5] Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d’éist sé liomagus d’fhuascail sé ó m’eagla go léir mé.
5 [34:6] Féachaigí chuige agus loinnir oraibh’s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.
6 [34:7] Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d’éist an Tiarna,agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.
7 [34:8] Bíonn aingeal an Tiarna i gcampathart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.
8 [34:9] Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.
9 [34:10] A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.
10 [34:11] Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
11 [34:12] Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liomgo múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
12 [34:13] Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?
13 [34:14] Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.
14 [34:15] Seachain an t-olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.
15 [34:16] Bíonn súile an Tiarna ar na fíréinagus tugann sé aird ar a n-achainí.
16 [34:17] Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilcd’fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.
17 [34:18] Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.
18 [34:19] Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscarthaagus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.
19 [34:20] Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan,ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;
20 [34:21] cosnaíonn sé a chnámha go léir;ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.
21 [34:22] Tiománfaidh an t-olc an t-éagráifeach chun a bháis,agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.
22 [34:23] Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí:ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.