Salm 22:1-31

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví. 22  [22:2] A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?Is fada tú ó m’achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.  [22:3] Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá:Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.  [22:4] Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna,agus tú i d’ábhar molta ag Iosrael.  [22:5] Ionatsa a chuir ár n-aithreacha a ndóchas:bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.  [22:6] Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad:is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu.  [22:7] Péist is ea mise; ní duine mé:táim i mo sceith béil ag na daoineagus i m’ábhar aithise ag an bpobal.  [22:8] Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:croitheann siad a gceann agus pus orthu:  [22:9] “Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é:saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”  [22:10] Is tú a thug amach as an mbroinn méagus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar. 10  [22:11] Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe:ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia. 11  [22:12] Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;bí i m’aice, óir níl aon chabhair eile agam. 12  [22:13] Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall,tá tréantairbh Bháiseán thart orm. 13  [22:14] Leathann siad a gcraos i mo choinnemar leon amplach agus é ag búiríl. 14  [22:15] Doirtear amach mé mar uisce,tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile.Is cosúil mo chroí le céirarna leá i lár mo chléibh. 15  [22:16] Shearg mo scornach mar shlige cré-umha,is tá mo theanga ag ceangal de mo charball:leagann tú i luaithreach an bháis mé. 16  [22:17] Tá mórán madraí i mo thimpeall’s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.Tollann siad mo lámha agus mo chosa; 17  [22:18] féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.Baineann siad lán a súl asam go sásta. 18  [22:19] Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthuagus caitheann siad crainn ar mo chóta. 19  [22:20] Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh. 20  [22:21] Déan m’anam a fhuascailt ón gclaíomhagus mo bheatha ó ghreim an mhadra. 21  [22:22] Saor mé ó bhéal an leoinagus m’anam bocht ó adharca na ndamh allta. 22  [22:23] Fógróidh mé d’ainm do mo bhráithre,molfaidh mé thú i lár do phobail. 23  [22:24] Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad; 24  [22:25] de bhrí nár bheag air an bochtánagus nár scorn leis riamh a ainnise.Níor cheil sé riamh a ghnúis airach d’éist leis an uair a ghlaoigh sé air. 25  [22:26] De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthairan dreama ar a mbíonn a eagla. 26  [22:27] Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.Go maire bhur gcroí go brách! 27  [22:28] Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise. 28  [22:29] Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin 29  [22:30] agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach. 30  [22:31] Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó’s ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht. 31  [22:32] Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós,á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo.

Fonótaí