Salm 18:1-50

Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé: 18  [18:2] Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,  [18:3] mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom,mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.  [18:4] Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.  [18:5] Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeallagus scanraigh tuilte na hurchóide mé.  [18:6] Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé,chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.  [18:7] Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,agus d’iarr mé cúnamh ar mo DhiaChuala sé mo ghlór ina theampall,agus ráinig mo ghlao a chluasa.  [18:8] Chrith an talamh agus suaitheadh éagus corraíodh fothaí na sléibhtetoisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.  [18:9] D’éirigh deatach as polláirí a shróine,agus tine dheargloiscneach as a bhéal,ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.  [18:10] D’ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,agus néal dubh dorcha faoina chosa. 10  [18:11] Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribínagus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe. 11  [18:12] Chuir sé uime an dorchacht mar éadach,uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó. 12  [18:13] As an ngile agus na néalta a bhí uimetháinig clocha sneachta agus splancacha tine. 13  [18:14] Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha,agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh. 14  [18:15] Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad,agus chaith a chaora tine gur threascair iad. 15  [18:16] Bhí foinsí na farraige le feiceáilagus nochtadh fothaí na cruinnede thoradh do bhagartha, a Thiarna,de thoradh sí gaoithe do chuid feirge. 16  [18:17] Shín sé anuas agus rug orm,agus tharraing as na tuilte móra mé. 17  [18:18] Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir domó lucht m’fhuatha ba threise ná mé. 18  [18:19] D’ionsaíodar mé lá mo thubaiste,ach tharla an Tiarna ina thaca dom. 19  [18:20] Sheol sé amach in áit fhairsing mé,do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom. 20  [18:21] Chúitigh an Tiarna m’fhíréantacht liom;thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh, 21  [18:22] toisc gur choinnigh mé slite an Tiarnais nár imigh mé uaidh ar seachrán. 22  [18:23] Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim. 23  [18:24] Ach mhair mé gan cháim ina láthair,agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht. 24  [18:25] Agus chúitigh an Tiarna m’fhíréantacht liomde réir glaine mo lámh ina láthair. 25  [18:26] Is dílis tú don duine dílis,is ionraic tú leis an duine ionraic. 26  [18:27] Is glan tú le lucht na glaine,agus glic le lucht an ghlicis. 27  [18:28] Óir saorfaidh tú lucht na huirísleach umhlóidh tú lucht an díomais. 28  [18:29] Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht. 29  [18:30] Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla. 30  [18:31] Tá slí Dé gan mháchail,tá briathar an Tiarna arna phromhadh.Is é is sciath go dearfado chách a thriallann chuige. 31  [18:32] Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna?Cé eile is carraig ann seachas ár nDia? 32  [18:33] An Dia a chrioslaigh mé le calmachtagus a rinne mo bhealach sábháilte; 33  [18:34] a thug luas na heilite do mo chosaagus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé. 34  [18:35] D’oil sé mo lámh chun cogaidhis mo chuisle chun bogha práis a theannadh. 35  [18:36] Thug tú dom sciath do shlánaitheagus choinnigh do dheaslámh go daingean mé. 36  [18:37] Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna,ionas nár shleamhnaigh mo chosa. 37  [18:38] Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh. 38  [18:39] Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éiríagus thit siad ar lár faoi mo chosa. 39  [18:40] Chrioslaigh tú le neart mé chun catha,agus threascair tú an dream a bhí i m’éadan. 40  [18:41] Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhdeagus mhill tú an drong a thug fuath dom. 41  [18:42] Scairt siad – ní raibh fear a dtarrthála ann:bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna. 42  [18:43] Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad,á gcosaráil amhail salachar na sráide. 43  [18:44] Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobailagus chuir tú os cionn na náisiún mé;rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom, 44  [18:45] an túisce ba chlos dóibh ghéill siad.Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom, 45  [18:46] mheathlaigh na náisiúin iasachta:tháinig siad as a ndaingne go critheaglach. 46  [18:47] Go maire an Tiarna! gura beannaithe mo charraig!go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh; 47  [18:48] an Dia a bhain díoltas amach domagus a chuir na ciníocha faoi mo smacht, 48  [18:49] a rinne mo shaoradh ó mo naimhdeagus a d’ardaigh mé os cionn m’eascairde,agus a sciob mé ó lucht an éigin. 49  [18:50] Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duiti measc na náisiún, a Thiarna:agus canfaidh mé Salm do d’ainm; 50  [18:51] óir thug tú cathréimeanna do do rí,agus nocht tú do ghrá do d’ungthach,do Dháiví agus dá shliocht go brách.

Fonótaí