Salm 142:1-7
Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí.
142 [142:2] Glaoim os ard ar an Tiarna;achainím os ard ar an Tiarna.
2 [142:3] Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise;agus nochtaim m’anacra ina láthair.
3 [142:4] Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam,b’eol duit féin mo shlí.
Sa tslí ina bhfuil mo shiúlcuireadh gaiste i bhfolach romham.
4 [142:5] Breathnaím ar mo dheis agus feicimnach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom.Níl bealach éalaithe agam;ní chuireann aon neach spéis i m’anam.
5 [142:6] Is ort a ghlaoim, a Thiarna;deirim: “Is tú mo dhídean;a bhfuil agam i dtír na mbeo.”
6 [142:7] Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao;óir tá mé i gcorrach na haimiléise.Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna,óir is treise iad siúd ná mé.
7 [142:8] Seol mé amach as an gcarcair seochun go dtabharfaidh mé buíochas do d’ainm.Tionólfaidh na fíréin i mo thimpealltoisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom.