Salm 138:1-8

Le Dáiví. 138  A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí;óir d’éist tú le briathra mo bhéil.Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n-aingeal;  agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse,a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].  D’éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort;agus chuir tú le neart m’anama.  Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.  Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”  Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t-íseal;ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.  Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m’eascairde.Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh;agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.  Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom.Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna;ná caith dímheas ar shaothar do lámh.

Fonótaí