Salm 137:1-9

137  Cois sruthanna na Bablóinea shuíomar ag sileadh deor,ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.  Ar shaileoga na tíre sinchrochamar ár gcruiteanna.  Óir an drong a rinne bránna dínn,d’iarr siad amhráin orainn,agus an drong a bhíodh dár gciapadh,d’iarr siad lúcháir orainn:“Scaoiligí chugainn,” a deiridís,“amhrán d’amhráin Shíón.”  Conas a chanfaimis amhrán an Tiarnai dtír na gcoimhthíoch?  Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,go gcrapa mo dheaslámh!  Go gceanglaí mo theanga de mo charball,mura gcuimhním ort,mura gcuire mé Iarúsailéimmar bharr m’aoibhnis uile.  Cuimhnigh, a Thiarna,in aghaidh chlann Eadóm,lá treascartha Iarúsailéim,nuair a dúirt siad:“Scriosaigí í, scriosaigí í;leagaigí go talamh í.”  A iníon na Bablóine,nach tú an scriosaire!Is méanar don té a dhíolfaidh leatsana dochair a d’imir tú orainne –  an té a bhéarfaidh ar do leanaíá mbascadh in éadan na carraige!

Fonótaí