Salm 135:1-21

135  Alleluia. Molaigí ainm an Tiarna;molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna,  a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna,i gcúirteanna áras ár nDé.  Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna;canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;  óir roghnaigh an Tiarna Iacób,agus Iosrael ina sheilbh dó féin.  Óir is eol dom gur mór é an Tiarna,ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.  Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh,ar muir agus in íochtar na farraige.  Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne;déanann sé fearthainn le saighneáin tine;tógann sé na gaotha as a n-ionaid taisce.  Bhuail sé céadghin na hÉigipte,idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.  Rinne sé comharthaí agus tuarthai gceartlár do thíre, a Éigiptin aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir. 10  Bhuail sé a lán de na ciníocha;agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha – 11  Síochon, rí na nAmórachagus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,agus ríthe Chanán go léir. 12  Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,mar oidhreacht do Iosrael, a phobal. 13  Maireann d’ainm de shíor, a Thiarna,agus do chuimhne ó ghlúin go chéile. 14  Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh. 15  Ór agus airgead íola na gciníocha,saothar lámh na ndaoine. 16  Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada; 17  tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid;ná níl puth anála ina mbeola. 18  Is cosúil leo féin lucht a ndéanta;agus a gcuireann a ndóchas iontu. 19  A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna;a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna; 20  a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna;a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó. 21  Moladh leis an Tiarna as Síón;tá cónaí air in Iarúsailéim!

Fonótaí