Salm 128:1-6

Amhrán Oilithreach. 128  Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna,agus a shiúlann ina shlite.  Íosfaidh tú toradh de shaothair féin;beidh tú go sona séanmhar.  Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil,i gceartlár do thí.Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige,mórthimpeall do bhoird.  Is amhlaidh a bheannófar an duinear a mbíonn eagla an Tiarna.  Go mbeannaí an Tiarna thú amach as Síón;gach uile lá de do shaol.  Go bhfeice tú clann do chlainneagus séan ar Iarúsailéim.Síocháin go raibh ar Iosrael.

Fonótaí