Salm 125:1-5

Amhrán Oilithreach. 125  An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu,is cosúil le Sliabh Shíón iad–sliabh nach féidir a bhogadh,ach a sheasfaidh go brách.  Ar nós na gcnoc is na sléibhtethart timpeall Iarúsailéim,bíonn an Tiarna thart ar a phobal,anois agus choíche.  Óir ní fhanfaidh ríshlat na n-éagráifeachar fhearann na bhfíréan,sula ndéanfadh na fíréin a lámhaa iompú chun oilc.  Déan maith, a Thiarna, do dhaoine fónta,agus do lucht an chroí dhírigh.  Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíolais ar lucht déanta an oilc.Síocháin go raibh ar Iosrael.

Fonótaí