Salm 12:1-8

Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n-ocht dtéad. Salm Dháiví. 12  [12:2] Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil,tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.  [12:3] Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsale beola bladair is le croí calaoiseach.  [12:4] Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach,gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;  [12:5] gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart,linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”  [12:6] “Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbochtéireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna.“Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”  [12:7] Briathra glana iad briathra an Tiarna,airgead athleáite a scar le slaidhreadh,airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht.  [12:8a] Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn:déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách.  [12:8b] Tá triall na n-éagráifeach inár dtimpeall do gach leithagus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.

Fonótaí