Salm 118:1-29

118  Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;agus go maireann a bhuanghrá go brách.  Bíodh teaghlach Iosrael á rá:“Maireann a bhuanghrá go brách.”  Bíodh teaghlach Árón á rá:“Maireann a bhuanghrá go brách.”  Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna:“Maireann a bhuanghrá go brách.”  Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás;d’fhreagair sé agus shaor sé mé.  Tá an Tiarna i m’fhochair; ní baol dom.Cad a dhéanfaidh an duine dom?  Tá an Tiarna i m’fhochair ag cuidiú liom;beidh mo naimhde romham faoi tháir.  Is fearr dul i muinín an Tiarnaná i muinín an duine.  Is fearr dul i muinín an Tiarnaná i muinín na bhflatha. 10  Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé;threascair mé in ainm an Tiarna iad. 11  Chruinnigh siad thart i mo thimpeall;threascair mé in ainm an Tiarna iad. 12  Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha,ina mbladhaire amhail tine i measc driseog;threascair mé in ainm an Tiarna iad. 13  Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn;ach chuidigh an Tiarna liom. 14  Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach;is é a thug slán mé. 15  Cluintear gártha lúcháire is caithréimei mbothanna na bhfíréan.“D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan; 16  is i a dheaslámh a d’ardaigh mé.D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.” 17  Ní éagfaidh mé, mairfidh mé;agus inseoidh mé a mhóréachtaí. 18  Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé,níor dhaor sé chun báis mé. 19  Osclaígí dom doirse na fíréantachta;rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais. 20  Seo agaibh doras an Tiarnatrína rachaidh na fíréin isteach. 21  Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom;agus gur tú mo shlánaitheoir. 22  An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinne ceann an chúinne di. 23  Is é an Tiarna a rinne an ní seo,agus is éachtach linn é. 24  Is é seo an lá a rinne an Tiarna;bíodh áthas is gliondar orainn. 25  Fóir orainn, achainímid, a Thiarna;a Thiarna, go n-éirí linn! 26  Is beannaithe in ainm an Tiarnaan té atá le teacht.Beannaímid sibh as teach an Tiarna. 27  Sé an Tiarna Dia ár solas.Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhachago beanna na haltóra. 28  Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat;móraim thú, a Dhia. 29  Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;maireann a bhuanghrá go brách.

Fonótaí