Salm 116:1-19

116  Alleluia. Tugaim grá agus taitneamh don Tiarna,toisc gur éist sé le mo ghuí;  toisc gur chrom sé chugam a chluas,nuair a ghaireas air.  Bhí dola an bháis i mo thimpeall,agus pianpháis na huaighe;casadh anró agus anacair i mo threo.  Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.“A Thiarna, fóir ar m’anam!”  Is ceansa an Tiarna agus is cóir;is trócaireach é ár nDia.  Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;bhí mé ar lár agus shaor sé mé.  Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,mar roinn an Tiarna go maith leat.  Óir sciob sé m’anam ón mbás,agus mo shúile ó dheora,agus mo chosa ó thuisliú.  Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;i bhfearann na mbeo. 10  Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:“Tá mé buartha go mór.” 11  Nuair a dúirt mé le corp eagla:“Is bréagach gach aon neach.” 12  Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarnaina ndearna sé dom? 13  Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,gairfidh mé ainm an Tiarna. 14  Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarnai bhfianaise a phobail. 15  Is luachmhar i láthair an Tiarnabás a fhíréan. 16  Is mise do ghiolla, a Thiarna,sea, is mac do chailín aimsire;scaoil tú mo chuibhreacha. 17  Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;gairfidh mé ainm an Tiarna. 18  Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarnai bhfianaise a phobail, 19  i gcúirteanna áras an Tiarnai gceartlár Iarúsailéim.

Fonótaí