Salm 114:1-8

114   Alleluia. Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach,teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha,  rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá,agus tharla Iosrael ina ríocht aige.  Chonaic an mhuir agus theith sí;agus chas an Iordáin ar ais.  Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí,agus na cnocáin ar nós uan óg.  Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú?Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?  Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí,agus a chnocána, ar nós uan óg?  Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna;creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,  a chlaochlaigh an charraig ina linn,agus an aill ina foinse uisce.

Fonótaí