Salm 112:1-10

112  Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna;a thugann taitneamh dá aitheanta uile.  Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh;is beannaithe clann an duine ionraic.  Beidh maoin is maitheas ina theaghlach;mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.  Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine;is trócaireach é, is fial, is ionraic.  Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid;riarann sé a ghnó go ceart onórach.  Ní chorrófar an fíréan choíche;mairfidh a chuimhne go brách na breithe.  Ní chuirfidh drochscéala eagla air;is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.  Is dílis daingean a chroí gan eagla;feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.  Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair;maireann a fhéile go brách agus choíche.Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar. 10  Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile.Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé;agus meathfaidh mian an urchóidigh.

Fonótaí