Salm 109:1-31

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 109  A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,  óir tá béal na n-éagráifeach agus na bhfealltachar leathadh i m’aghaidh.  Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh,timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha;tugann siad fúm gan fáth.  I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh;ach bímse ag guí.  Díolann siad liom an t-olc in aghaidh na maitheasa,an fuath in aghaidh an ghrá.  Gríosaigh fear na hurchóide ina choinne;agus seasadh an cúisitheoir ar a dheis.  Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh;agus go raibh a achainí in aistear.  Gura tearc iad laethanta a shaoil;agus go nglaca neach eile a chúram.  Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach. 10  Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas. 11  Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;agus go mille strainséirí toradh a shaothair. 12  Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dóná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí. 13  Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin. 14  Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreachaagus nár scriostar peaca a mháthar amach. 15  Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor;go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh. 16  Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamhach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil,agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite. 17  An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air;gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis. 18  Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach;go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisceagus isteach ina chnámha amhail ola. 19  Go raibh siad mar chulaith á chlúdach,mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor. 20  Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe,agus leis an dream a dhéanann béadán ar m’anam. 21  Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d’ainm;agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá. 22  Óir táimse go dearóil dealbh;agus tá mo chroí á chrá istigh ionam. 23  Leáim as mar scáil fhada an tráthnónascuabtar chun siúil mé mar an lócaiste. 24  Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh;agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh. 25  Ráinig mé i m’ábhar scige ag gach aon neach;agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann. 26  Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom;saor mé de réir do bhuanghrá. 27  Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa.gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo. 28  Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh;go ndéantar mo naimhde a náiriúagus go ndéana do ghiolla gairdeas. 29  Go n-éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne;agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing. 30  Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard;tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua. 31  Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáinlena shábháil ó lucht a dhaortha.

Fonótaí