Apacailipsis 9:1-21
9 Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.
2 Agus d’oscail sé an poll duibheagáin agus d’éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.
3 Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.
4 Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d’fhéar na talún, ná d’aon fhás ná d’aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n-éadan.
5 Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.
6 Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.
7 Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d’ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;
8 bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon.
9 Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.
10 Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.
11 Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.
12 Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.
13 Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé,
14 agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: “Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.”
15 Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.
16 Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua—chuala mé a líon—dhá oiread deich míle de dheich míle fear.
17 Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m’fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.
18 Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.
19 Óir tá cumhacht na n-each ina mbéal agus ina n-eireaball. Tá a n-eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar.
20 Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.
21 Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n-asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta.